Irish Festival: Call for Irish language short film proposals for Dingle International Film Festival

Fhéile Scannán an Daingin an 5ú comórtas ‘Físín’a fhógairt, glaoch chuig scannánóirí togra gearrscannáin Gaeilge a chur faoinár mbráid.

D’éirigh that barr leis an gcomórtas seo ins na blianta atá thart. Ghlac mórán daoine leis an deis script ghairid Ghaeilge a chur ar fáil. Tá an lucht eagrúcháin an-sásta glacadh le coincheapanna bunaithe i gcoincheapanna físe agus fuaime don scáileán.

Ba é Denis Buckley a sholáthraigh duais-iarracht na bliana 2013 lena scannán Táimse im Chodladh, a fuair a chéad léiriú ag an bhFéile i mí na Márta 2014, agus a roghnaíodh ag féilte agus ag ócáidí eile i gcaitheamh na bliana. B’í Niamh Lawlor, Púca Puppets, duaiseoir na bliana seo, lena scannán, Béiríní Buí a seolfar le linn féile 2015.

Gheobhaidh duais-iarratas 2015 duais airgid €5,000, agus anuas air sin luach €2,000 d’fhearas scannánaíochta ar cíos ó Vast Valley Teo. Soláthraíonn Vast Valley Teo. fearas agus tacaíocht do phríomhscannáin, do dhrámaí teilifíse agus do fhíseáin corporáideacha. Soláthraíonn siad ceamaraí, lionsaí, oiriúintí agus fearas giolla, agus tá siad lonnaithe i mBÁC 2 agus i mBéal Feirste.

Tá fáilte roimh gach éinne ó mhic léinn idirbhliana go dtí scannánóirí proifisiúnta a bheith páirteach sa chomórtas. Roghnófar cúig scannánóir as na h-iarratais. Gheobhaidh an cúigear saorphas chuig gach aon imeacht ag an bhFéile i mí na Márta 2014. Gheobhaidh an cúigear deis a dtogra a chur i láthair an phaiinéil measúnaithe i rith na féile.. Tá sár-phainéal curtha le chéile, ina measc na scríbhneoirí Louise Ní Fhiannachta agus Marina Ní Dhubháin, an cumadóir Rachel Holstead agus an léiritheoir Nuala O”Connor.

Bhunaigh an Fhéile togra Físín chun scannánaíocht sa teanga Ghaeilge a spreagadh. Is í Tor Cotton, duine d’urraithe na Féile, a thionscain an smaoineamh.

Díríonn an comórtas ar dhaoine go bhfuil spéis acu i scannánaíocht, mar aon le spéis agus ceangal leis an dteanga Ghaeilge. Ba bhreá leis an bhFéile iarratais a spreagadh ó na canúintí go léir. Tá an comórtas oscailte d’aon duine nó d’aon ghrúpa ó scoláirí Idirbhliana go dtí scannánaithe proifisiúnta. Gheobhaidh síbh mionseoraí iarratais ar líne ag gréasáin nó seol ríomhphost chuig fisin@dinglefilmfestival.com.

Glacfar le h-iarratais go dtí an Aoine 9 Eanair 2015.

Cuirfear na buaiteoirí ar an eolas roimh 6 Feabhra, agus beifear ag súil go mbeidh siad ar fáil chun freastal ar an bhFéíle. Beifear ag súil chomh maith go bhfreastalóidh gach buaiteoir ar gach cur i láthair de na cúig cinn. Is ceadmhach do gach buaiteoir, má mhothaíonn siad mímhuiníneach as a gcuid Gaeilge, duine a bhreith leo chun cabhrú leis an láithriú. Gheobhaidh an buaiteoir deireannach duais airgid €5,000, agus fillfidh sé/sí ar Fhéile 2016 lena scannán críochnaithe. Gheobhaidh gach aon duine den chúigear leabhar nóta cuimhneacháin deartha ag Conor Holden, agus gan amhras, saor-phas chuig imeachtaí uile na Féile.

Tá an Fhéile oscailte anois d’iarratais ar ghearrscannáin agus ar phríomhscannáin. Más spéis leat scannán a chur faoi bhráid na féile, gheobhaidh tú na sonraí ar an ionad gréasáin.

———–

The Dingle International Film Festival is delighted to announce the 5th ‘Físín’, a call to filmmakers to submit a short film proposal in the Irish language.

The competition has been a wonderful success these past four years giving a unique opportunity to write a short script in the irish languague. Orgainisers are also very much open to both visual and sound concepts for the screen.

Denis Buckley’s film Táimse im Chodladh premiered at the film festival in March and has gone on to be selected at other festivals and events. The winner of the 2014 prize was Niamh Lawlor of Púca Puppets with her film Béirín Beag Buí which will premiere at next year’s festival in March 2015.

The winner of the competition will receive a cash prize of €5,000 and €2,000 worth of film equipment hire from Vast Valley Ltd. Vast Valley Ltd. provide cameras, lenses, accessories and grip equipment for short and feature films, TV drama and commercials, and are located in Dublin and Belfast.

Everyone from Transitional year students to professional filmmakers are welcome to enter the competition. Five filmmakers will be selected and they will each receive a free festival pass to attend the next Dingle International Film Festival in March 2015. Each of the five will be given the opportunity to pitch their proposal to a panel in the Irish language during the festival, with the panel including writers Louise Ní Fhiannachta and Marina Ní Dhubháin, composer Rachel Holdstead and producer Nuala O Connor.

The opportunity, which is the brainchild of festival sponsor Tor Cotton, aims to encourage writing of film in the Irish language.

The competition is aimed at people who combine a special interest in film alongside a commitment to the Irish language. The festival is keen to see proposals from all local dialects. This opportunity is open to any individual or group from Transitional students right through to professionals. The application details is available to download on the website or you can email fisin@dinglefilmfestival.com.

The festival is open to submission now and the closing date for entries is Friday 9th January 2015.

The 5 finalists will be notified by the 6th Febuary 2015 and will be expected to be available to attend the festival. Each finalist is also expected to attend each of the pitches and to deliver the pitch in Irish. A finalist can bring along someone on the day to assist with making the pitch in Irish. The winning pitch at the festival will receive €5,000 cash prize and will return to Dingle with their finalised film for the 2016 Festival. Each finalist will also receive a personalised commemorative leather notebook designed by Conor Holden and full access to the festival.

The festival is now also open for short and feature submissions. If you are interested in submitting a film to the festival,visit the website for details.